Bíonn roinnt mhaith féilte agus imeachtaí cultúrtha eile dá reachtaíl i gCeantar an Spidéil ar feadh na bliana.
Ardán
Oíche filíochta Gaeilge. Uair sa mí i rith an gheimhridh.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Éigse an Spidéil.
An Cruinniú
Teacht le chéile ceoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Faoi dhó sa mbliain:
- An chéad Luan i Mí Bealtaine.
- An tríú deireadh seachtaine i Mí na Samhna.
Seisiúin cheoil, de ló is d’oíche, i dtithe tábhairne is in óstáin na háite.
Á reachtáil ag Tom Giblin, fear tí Thigh Giblin.
Éigse an Spidéil
Féile phobal-bhunaithe a bhíonn ar siúl ar feadh seachtaine. Déantar ceiliúradh ar ghnéithe éagsúla den chultúr áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Léachtaí ar ábhair chultúrtha agus stairiúla, siúlóidí stiúrtha, léamha filíochta, amhráin, ceol agus damhsa.
Cuireadh an Éigse ar bun sna 1970idí.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán Éigse an Spidéil féin.
Paráid ‘le Pádraig
Ar siúl chuille bhliain ar an Lá Náisiúnta. Flótaí, ceol agus imeachtaí pobail.
Seachtain Ceoil Chois Fharraige
Féile cheoil a bhíonn ar siúl ar feadh seachtaine. Siopa Ceoil Tigh Gannon a chuir ar bun, sa mbliain 2014.
Seisiúin lae, ceardlanna, ranganna agus seisiúin cheoil i dtithe tábhairne is in óstáin áitiúla de ló is d’oíche.
Taispeántas Chois Fharraige
Seó talmhaíochta, ceardaíochta agus bídh. Aon lá amháin.
Á reachtáil ag tús Meán Fhómhair chuille bhliain.
Traidphicnic
Féile trí lá cheoil thraidisiúnta. Béim ar cheol, ar dhamhsa, ar chultúr agus ar amhrán is ealaíon traidisiúnta na hÉireann ach le snáithe idirnáisiúnta fríd.
Lonnaithe ag Stiúideó Cuain, taobh thiar den Cheardlann.
Á reachtáil ag tús Mí Iúil chuille bhliain.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó láithreán Thraidphicnic féin.