Comhlacht Forbartha an Spidéil

ag obair le chéile ar mhaithe leis an áit, an pobal ⁊ an todhchaí

Léim go: | cé muid? | nuacht | teagmháil |

An Comhlacht Forbartha: cé muid?

Eagraíocht forbartha pobail é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta. Tá sé aitheanta go foirmeálta ag ranna Stáit: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt ⁊ Meán, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe ⁊ mar sin de… Bíonn muid gníomhach i chuille ghné d’fhorbairt pobail i gceantar an Spidéil ach is í a dhá phríomh-aidhim ná…

léigh tuilleadh

Oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil

Nuacht — an scéal te bruite

Chun dáta 6ú Mí Aibreáin 2023.

Uaireanta oscailte leabharlann an Spidéil

Leabharlann an Spidéil

Sheol an Comhlacht litir chuig Príomhfheidhmeannach an Chomhairle Contae mar gur thug an Comhlacht faoi deara gur gearradh siar go mór ar uaireanta oscailte Leabharlann an Spidéil go 10 uair a chloig sa tseachtain.

Is áis thar a bheith tábhachtach í an Leabharlann do phobal an Spidéil agus Chois Fharraige ar fad. Mar sin, is cúis imní é do go leor daoine go bhfuil laghdú ar an tseirbhís luachmhar seo.

D’iarr an Comhlacht ar an bhPríomhfheidhmeannach:

  • A dheimhniú nach ndúnfar an Leabharlann go buan.
  • Go gcuirfí an pobal ar an eolas faoin gcúis a bhfuil na huaireanta oscailte gearrtha siar.
  • Cé na pleananna atá ag an gComhairle Contae chun gnáthuaireanta oscailte a chur ar fáil arís.

Coinneoidh muid ar an eolas sibh.

Lógó Chomhlacht Forbartha an Spidéil

Lógó Chomhlacht Foirbartha an Spidéil

Tá an-ríméad orainn ár lógó nua a nochtadh; ceann a chreideann muid a léiríonn fíor-spiorad an Spidéil.

Feiceann muid go bhfuil todhchaí an cheantair ceangailte go láidir le himeachtaí mara agus lenár dteanga dúchais. Dá bhrí sin, tá cuan na Gaillimhe, céibh nua an Spidéil agus an Ghaeilge lárnach sa lógó.

Creideann muid freisin go bhfuil oidhreacht shaibhir againn ach gur tús lae é seo do thodhchaí iontach; rud a léiríonn éirí na gréine sa lógó.

Ar deireadh, tá fhios againn go bhfuil muid ar thuras agus sin an fáth go bhfuil báid sa lógó: í ag iompar muintir an cheantair chuig ár dtodhchaí geal.

Deirtear go léiríonn pictiúr amháin míle focal ach tá i bhfad níos mó ná sin i lógó nua Chomhlacht Forbartha an Spidéil!

Athstruchtúrú Chomhlacht Forbartha an Spidéil

Le os cionn bliain anuas tá Bord an Chomhlachta ag obair ar athstruchtúrú straitéiseach leis an gComhlacht a chur ar bhonn láidir inbhuanaithe ar feadh na mblianta atá le teacht.

An sprioc is mó a bhí ag an obair seo ná múnla a chruthú a thabharfadh deis don phobal a bheith lárnach in obair an Chomhlachta agus a thabharfadh deis don phobal an Comhlacht a úsáid mar bhealach le dul chun cinn agus forbairt a spreagadh sa gceantar feidhme.

Is dhá shampla den mhúnla seo ná Coiste na mBailte Slachtmhara agus An Coiste Turasóirechta; fo‑choistí de chuid an Chomhlachta.

Tá Coiste na mBailte Slachtmhara faoi cheannaireacht Breda Hughes agus rinne siad obair den scoth leis an dara áit sa gcontae a bhaint amach i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara i 2022.

Is é Kevin Mac Gabhann atá i gceannas ar an gCoiste Turasóireachta agus b’iad a chuir Paráid Lá’l Phádraig ar siúl i mbliana. Mheall an pharáid na sluaite isteach chuig an tsráidbhaile agus cuireadh an‑bheocht ar ais inti don Fhéile.

Tá an Comhlacht ag earcú Bainisteoir Ginearálta faoi láthair. Táthar ag súil go líonfar an post faoi dheireadh mhí Aibreáin.

Is mór ag an gComhlacht an tacaíocht atá á tabhairt ag Údarás na Gaeltachta leis an athstruchtúrú tábhachtach seo a chur i gcrích.

Obair Chothabhála ar Chéibh Nua an Spidéil

Ba léir don Chomhlacht Forbartha le roinnt blianta anuas go raibh obair chothabhála shuntasach ag teastáil ar an gCéibh Nua len í a cosaint i gceart.

Chuir an comhlacht brú ar an gComhairle Contae leis an obair seo a dhéanamh. Tá áthas orainn a bheith in ann a dheimhniú go bhfuil an obair seo déanta anois agus ní hamháin sin ach bhí an Comhlacht in ann soilse nua a fháil ar an gcosán cois cuain freisin.

An chéad rud eile atá beartaithe ná go n‑aistreofar an tIonad Athchúrsála go háit níos feiliúnaí agus tá súil againn fógra dearfach a bheith againn ina leith seo gan rómhoill.

An Chéibh Nua i gCéin