An Spidéal

Ceantar an Spidéil

Sráidbhaile cois trá é An Spidéal, ar chósta thuaidh Chuan na Gaillimhe.

Tá sé suite tuairim is aon mhíle dhéag taobh thiar de Chathair na Gaillimhe ar an R336, ar an mbealach go deisceart Chonamara. Is é sráidbhaile an Spidéil an príomh-ionad seirbhísí sa gceantar ó Chathair na Gaillimhe siar go Ros a’ Mhíl.

Tá daonra circa 250 sa tsráidbhaile féin, agus timpeall 2,000 sa gceantar máguaird.

I mbliain an 2000, d’fhoillsigh Cló Iar-Chonnacht, i gcomhair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pobal na Gaeltachta, a scéal agus a dhán, cnuasach aistí ar na ceantair Ghaeltachta. Ar léachtaí a craoladh in earrach na bliana sin leis an mhílaois a cheiliúradh a bunaíodh na haistí seo.

Máire Ní Neachtain a scríobh an aiste ar an Spidéal. Réitigh sé leagan athchóirithe de i 2023 agus tá sé ar fáil le léamh ar an láithreán seo.

Seirbhísí

Lógó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR.

eolaire cuimsitheach ar-líne ar fáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, a bhfuil liostaí air de sheirbhísí atá ar fáil i gCeantar an Spidéal.

Tá seirbhísí éigeandála ⁊ leighis, seirbhísí poiblí, creideamh, oideachas agus liostaí gnó i measc na rannóga atá san eolaire seo.

Caitheamh aimsire agus scíth

Tá dhá trá álainn i gCeantar an Spidéil, agus neart siúlóidí cois cladaigh. Tá radharcanna áille ann freisin, amach ar Chuan na Gaillimhe, ar Oileáin Árann agus ar chnoic Chontae an Chláir agus na Boirne. Agus ná dearmad go bhfuil an Spidéal lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá dhá chéibh bhreátha sa Spidéal do lucht iascaireachta agus báid pléisiúr.

Tionscail

Tá dhá eastáit tionsclaíochta de chuid Údarás na Gaeltachta sa gceantar.

Oideachas

Tá bunscoil, Scoil Éinne, agus meánscoil, Coláiste Chroí Mhuire, lonnaithe ar an tsráidbhaile.

Tá traidisiún láidir d’oideachas agus de bhuanú chultúr na Gaeilge sa Spidéal le fada an lá. Tá Coláiste Chonnacht (ceann de na céad Choláistí Gaeilge) sa Spidéal ó 1910, agus cúrsaí Gaeilge á rith ann do dhaoine óga is do dhaoine fásta ann ó shin i leith. Tá Coláiste Chonnacht suite timpeall trí ceathrú míle ar an taobh thoir den tsráidbhaile, áit a bhfuil páirceanna imeartha agus ionad spóirt is caitheamh aimsire Chumann Lúthchleas Gael an Spidéil.

Tá ionad cúram leanaí, Bogha Ceatha, lonnaithe ar an Sidheán Rua.

Cill Éinde

I gceartlár shráidbhaile an Spidéil tá Cill Éinde, an séipéal áitiúil Caitleacach a tógadh sa mbliain 1907. Sampla an-bhreá den ailtireacht Rómhánach-Ceilteach í an chill. Ar a chúl seo tá sean-mhainistir, a tógadh sa 15ú aois, agus séipéilín beag a tógadh sa mbliain 1776.

Naomh Éinde éarlamh Pharóiste an Spidéil — ach tabharfar faoi deara go mbíonn dhá litriú in úsáid ar a ainm. Is é ‘Éinne’ an litriú molta de réir cheartlitriú chaighdeánaigh an lae inniu ach is é ‘Éinde’ an litriú stairiúil, atá seanbhunaithe mar ainmfhocal dílis.

Scannán ⁊ teilifís

Tá tionscail na meán – an teilifís agus an scannánaíocht – go láidir anseo: i mBaile Ard, ar an taobh ó thuaidh den tsráidbhaile a dhéantar Ros na Rún, an sobal-dráma cáiliúil a chraoltar ar ThG4.

Ros na Rún