Faoin gComhlacht Forbartha

Cé muid?

Eagraíocht forbartha pobail é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta. Tá sé aitheanta go foirmeálta ag ranna Stáit: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt ⁊ Meán, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe ⁊ mar sin de… Bíonn muid gníomhach i chuille ghné d’fhorbairt pobail i gceantar an Spidéil ach is í a dhá phríomh-aidhim ná:

  • Láidriú agus buanú na Gaeilge mar theanga pobail.
  • Áiseanna agus bonneagar a fhobairt agus fheabhasú do phobail an cheantair.

Tá oifig an Chomhlachta lonnaithe sa taobh thiar de Chló Iar-Chonnacht, i gCeardlann an Spidéil. Beirt atá ag obair san oifig: an bainisteoir, agus rúnaí oifige páirt-aimseartha, atá fostaithe ar scéim oibre. Bíonn seisear eile ag obair ar scéimeanna oibre sa bpobal, ar chúrsaí a bhaineann le bailte slachtmhara, le bailiú logainmneacha agus le tionscadail chothabhála agus feabhsú ar bhonneagar an cheantair.

Aontaíonn Coiste Bainistíochta an Comhlachta agus Údaras na Gaeltachta ar phlean oibre chuille bhliain. Íocann an tÚdarás deontas banistíochta leis an mbainsteoir a fhostú agus leis an oifig a riareadh. Cuireann an scéim fostaíochta pobail cúnamh runaíochta paírt-aimseartha ar fáil.

Cúlra an Chomhlachta

I 1995 shocraigh Údarás na Gaeltachta, de thoradh éileamh ón bpobal, ar Chomhairle Pobail an Spidéil a bhunú mar eagraíocht tacaíochta pobail. I gcomhar le páirtithe leasmhara an cheantair a cuireadh an Comhairle Pobail ar bun. Bhí ionadaíocht ag na bailte fearainn uilig ó Dhoire Lochán ar an taobh thoir den Spidéal go Sáile Chuana ar an taobh thiar dhe, agus ag na bailte timpeall ar Loch an Bhoth Loiscithe. Bhí ionadaíocht ag lucht an ghnó, lucht an oideachais, ag coistí deonacha agus ag coistí is cumainn spóirt freisin.

D’éirigh go maith leis an gComhairle Pobail ar feadh roinnt blianta ach, le dul i ngleic leis na hathruithe a bhí ag teacht ar an saol agus ar chúrsaí gnó, socraíodh ar an Chomhairle Pobail a scor agus eagraíocht a raibh stádas sainmhínithe dlíthúil a chur ar bun mar chomharba ar an gComhairle.

Bunú Chomhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta, i 2008, toradh an socrú seo agus tá an Comhlacht ag treabha leis, le cabhair ó Udarás na Gaeltachta, ó shin i leith.