Fo-choistí Chomhlacht Forbartha an Spidéil

Sé an cur chuige atá ag an gcomhlacht ná múnla oibre a úsáid a mheallann an líon is mó daoine ón bpobal gur féidir é isteach in obair an chomhlachta, le díriú ar thionscadail leis na seirbhisí agus na gnéithe atá tábhachtach i saol an cheantair feidhme a chaomhnú agus a neartú.

I measc na seirbhisí agus na ngnéithe seo tá:

  • Turasóireacht.
  • Tráchtáil agus fiontraíocht.
  • Sláinte.
  • Oideachas: luath, bun, meán agus fásta.
  • Spóirt agus áiseanna do phobal uile an cheantair.
  • Taisteal.
  • Teanga, cultúr agus oidhreacht.
  • Áiseanna agus imeachtaí pobail.
  • Fostaíocht agus neartú pobail.

Chun díriú isteach ar obair thábhachtach a bheadh in ann dul chun cinn agus forbairt a spreagadh, bunaíodh na fochoistí seo leanas:

  • An Coiste Cultúir, Ealaíon agus Teanga.
  • Coiste na mBailte Slachtmhara.
  • Coiste an Pháirc Spraoi.
  • An Coiste Turasóireachta.
  • An Coiste Margaíochta.
  • An Coiste Bonneagair, Infrastruchtúir agus Fiontraíochta.

Má tá suim agat gníomhú ar aon cheann de na coistí seo, nó má tá smaoineamh agat i leith togra do aon cheann de na coistí seo, bheadh áthas an domhain orainn cloisteáil uait.