Forbairt na fiontraíochta ⁊ na fostaíochta agus fiontraíocht shóisialta
- Láthair do Chomhlacht Forbartha an Spidéil a chur ar fáil don Phobal
- Déanta ✔
- Tá an pobal ag úsáid na n‑áiseanna seacht lá na seachtaine.
Forbairt na turasóireachta cultúrtha ⁊ pobail agus áiseanna caithimh aimsire
- Céibheanna an Spidéil a athchóiriú.
- Déanta ✔
- Theastaigh seo le go mbeadh siad ar fáil mar achmainní turasóireachta, iascaireachta agus caithimh aimsire do do mhuintir na háite agus do chuairteoirí.
- Coiste Turasóireachta an Spidéil a bhunú.
- Déanta ✔
- Ceapadh Kevin McGowan mar Chathaoirleach.
- Beidh an coiste ag dul i mbun gnímh ag tús 2023.
Soláthar seirbhísí oideachais ⁊ oiliúna don phobal
- Cúrsaí Seoltóireachta 2022.
- Déanta ✔
- Líonadh na cúrsaí seo i 2022.
- Reáchtáilfear tuilleadh acu i rith Shamhradh 2023.
Obair nach raibh mar chuid de phlean oibre aontaithe 2022
- Lonnú soilse ar Chois Caoláire, an cosán siúilóide cois cósta.
- Déanta ✔
- Ceol sa tsráidbhaille.
- Déanta ✔
- Tá séisiúin cheoil tosnaithe arís i dtrí ionad éagsúil ar an tsráidbhaile.
- Dealbh Mháirtín Uí Chadhain.
- Déanta ✔
- Bhí an Comhlacht Forbartha lárnach i seoladh na deilbhe, atá lonnaithe ar an Airdín Buí, i Samhradh 2022.
- An Comhlacht Forbartha a d’eagraigh an ócáid nochtaithe.