Tionscadail atá Beartaithe

Ar 18ú Eanáir 2023 a tugadh an leathanach seo chun dáta.

Soláthar seirbhísí sóisialta ⁊ timpeallachta agus forbairt infreastruchtúir

  • Corais iompair phoiblí áitiúla a fhorbairt agus a fheabhsú.
    • Bhí tógáil an scáthlán bus ar chlár oibre 2022 ach níor éirigh linn tús a chur leis fós.
    • Léirigh Comhairle Contae na Gaillimhe amhras faoin suíomh ina raibh sé beartaithe an scáthlán a lonnú.
    • Leanfaidh an Comhlacht Forbartha leis an iarracht seo i 2023.

An eacnamaíocht ghlas agus fuinneamh inathnuaite

  • Tograí fuinneamh inathnuaite a spreagadh i gCeantar an Spidéil.
    • Bhí sé seo ar chlár oibre 2022 ach níor éirigh linn tús a chur leis fós.
    • Tá sé aistrithe go clár oibre 2023.
    • Cuireann an Comhlacht Forbartha roimhe máistirphlean fuinnimh don cheantar feidhme a fhiosrú.
    • Cuireann an Comhlacht Forbartha roimhe painéal voltaic a shuiteáil ina chiud oifigí freisin.