Ar 18ú Eanáir 2023 a tugadh an leathanach seo chun dáta.
Forbairt na fiontraíochta ⁊ na fostaíochta agus fiontraíocht shóisialta
- Athstruchtúrú an Chomhlachta.
- Beagnach curtha i gcrích ✔
- Tá Bunreacht an Chomhlachta athscríofa go hiomlán.
- Bunaíodh roinnt fochoistí oibre nua agus tá toradh a gciuid oibre le feiceáil:
- Bhain Coiste na mBailte Slachtmhara an dara háit sa gContae amach sa gcomórtas i mbliana; an áit is airde a fuair an Spidéal riamh.
- Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag déanamh obair chothabhála agus athchóirithe suntasach sa gceantar feidhme de thoradh stocaireachta dearfaí, cuimsithí a rinne Stiúrthóirí an Chomhlachta Forbartha.
- Feidhmeannach forbartha a fhostú an chéad chéim eile san athstruchtúrú seo. Tá sé seo á phlé le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair.
- Plean gnímh cúig bliana don cheantar feidhme.
- Idir lámha ✔
- An pobal gnó a thabhairt le chéile chun leas a bhaint as a gcuid fuinnimh ar maithe le sráidbhaile an Spidéil.
- Idir lámha ✔
- Tá roinnt gnónna ceaptha ar chuid de na fochoistí.
- Tá cuid acu ag tabhairt urraíochta don Chomhlacht.
Forbairt na turasóireachta cultúrtha ⁊ pobail agus áiseanna caithimh aimsire
- Suíomh idirlín an Chomhlacht Forbartha, anspidéal.ie, a uasghradú.
- Idir lámha ✔
- Tá maoiniú faighte agus tús curtha leis an obair.
An cultúr, na healaíona ⁊ an Ghaeilge agus an Phleanáil Teanga
- An Ghaeilge sa Spidéal
- Idir lámha ✔
- Tá comhoibriú aontaithe idir an Comhlacht Forbartha agus Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga.
- Tá an Fóram ag tabhairt tacaíochta agus roinnt maoinithe dúinn chun polasaí Gaeilge a fhorbairt don Chomhlacht agus chun an teanga a bhuanú sa gceantar feidhme.
Obair nach raibh mar chuid de phlean oibre aontaithe 2022
- Campas Choláiste Connacht
- Idir lámha ✔
- Tá an Comhlacht Forbartha lárnach, thar cheann an phobail, sa bpróiseas idirbheartaíochta le go bhféadfar campas Choláiste Chonnacht a bheith ar fáil mar áis pobail.
- Clochar Éinde
- Idir lámha ✔
- Tá an Comhlacht Forbartha tosnaithe ar fheachtas chun Clochar Éinde a cheannach ar son an phobail.